Obair na bpáistí

Ó am go h-am, bíonn na páistí páirteach i dtionscnamh a bhaineann leis an timpeallacht. Bíonn siad ag cur glasraí agus ag tabhairt aire dóibh. Cuireann ranganna eile síolta agus bléibiní i bpotaí, chun bláthanna a fhás. Fosta bíonn muid ag athchursáil craiceann torthaí agus glasraí chun compost a dheánamh. Le gairid bhí garraíodóir sa scoil ag taispeáint do na paistí conas síolta a chur agus aire a thabhairt dóibh. Bhain na páistí an-sult as bheith ag foghlaim faoin nádúr agus feiceáil na plandaí ag fás.