Gaelscoil Adhamhnáin - Réamhra

Is bunscoil lán Ghaelach í Gaelscoil Adhamhnáin atá suite i nGleann Cearr, Leitir Ceanainn.

Bunaíodh Gaelscoil Adhamhnáin ar an chéad lá de Mhéan Fómhair 1991, le 26 dalta agus múinteoir amháin. Bhí an scoil lonnaithe ar dtús i suíomh an Choiste Gairmoideachais in Ard Uí Dhómhnaill, ach le fás na scoile fuarthas seomraí ar cíos ó ionaid difriúla thart fán cheantar. Chaith muintir na Gaelscoile 9 mbliana ar fad i gceantar Ard Uí Dhómhnaill. Bhog muid isteach sa scoil úr-thógtha ar shuíomh nua i nGleann Cearra i mí Meán Fómhair 2000. Bhí 240 dalta ar an rolla.

Le tuilleadh fás ar an scoil thar na blianta, cuireadh leis an bhfoirgnimh agus bhog muid isteach sa scoil 'úr' i Meán Fómhair 2013. Bhi oscailt oifigiúil meadú na scoile ann i mí na Bealtaine 2014, le 421 dalta ar an rolla agus 28 ar fhoireann na scoile. Inniu tá thar 400 dálta ag freastal ar an scoil agus 22 múinteoir ar an fhoireann, 4 chúntóir ranga chomh maith le Marty agus Zelna a thugann aire don scoil.

Fuair Gaelscoil Adhamhnáin a ainm ó Naomh Adhamhnáin, a rugadh i nDún na nGall agus a bhí ina naomh-phatrún ar Dhíoise Ráth Bhoth sa 7ú h-haois.

Chomh maith leis an ghnáth churaclam, déantar ceol uirlise, snámh, drámaíocht, ríomhairí agus spórt a mhúineadh do na páistí. Tá duaiseanna bainte amach acu sa spórt, sa cheol agus sa dramaíocht agus táimid fíor-bhródúil astu.