Ethos Gaelscoil Adhamhnáin

Ethos na Scoile

Is scoil lán-ghaeilge Chaitliceach í Gaelscoil Adhamhnáin. Scoil í Gaelscoil Adhamhnáin arbh í an Ghaeilge teanga ghnó agus chumarsáide na scoile go hiomlán. Déanfar gach ábhar taobh amuigh den Bhéarla a theagasc tré Ghaeilge.

Ráiteas Misin

Tá forbairt iomlán achan pháiste lárnach i saol na scoile seo agus is mian leis an scoil seo oideachas a sholáthar a shíolraíonn onár ndúchas creidimh, cultúr agus teanga agus a chothaíonn meas do chearta gach duine.